Tá CLG na Mumhan ag earcú Oifigeach Forbartha Gaeilge don chúige
Tá CLG na Mumhan ag earcú Oifigeach Forbartha Gaeilge don chúige

Post mar Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan Fógartha


Tá CLG ag earcú! Is mian le CLG na Mumhan post mar 'Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan' a fhógairt agus é maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tréimhse an chonartha: Conradh ar théarma seasta 3 bliana

Láthair oibre: Áras Mumhan, Caladh an Treoigh, Luimneach

Freagrach do: Oifigeach Forbartha Gaeilge Náisiúnta CLG / Rúnaí Chomhairle na Mumhan

Ní mór iarratais a chur isteach roimh 11am, Dé Luain, 12 Nollaig, 2022.

Déan iarratas ANSEO

Tá cur síos le fáil ar an ról anseo thíos.