Mártan Ó Ciardha agus a chlann Dé Céadaoin seo caite tar éis gur bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais air. Pic. le Seán Ó Mainnín
Mártan Ó Ciardha agus a chlann Dé Céadaoin seo caite tar éis gur bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais air. Pic. le Seán Ó Mainnín

Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge bronnta ar Mhártan Ó Ciardha


Le Jamie Ó Tuama

Bhronn an tAire Stáit Spóirt, Gaeltachta agus Cosanta, Jack Chambers, Buaicghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge ar Mhártan Ó Ciardha Dé Céadaoin seo caite ag Oireachtas na Samhna san INEC i gCill Airne. Fear ildánach é Mártan a bhfuil a shaol tugtha aige don iriseoireacht spóirt Ghaeilge agus Ghaeltachta agus bhí na cluichí Gaelacha agus cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ag croílár na hoibre sin i gcónaí.

Is iriseoir é Mártan le tuairisc.ie ach chaith sé na blianta mar Cheannasaí Spóirt ar Raidió na Gaeltachta roimhe sin. Tháinig athruithe as cuimse ar chúrsaí iriseoireachta lena linn. Labhair muid le Mártan an tseachtain seo maidir leis na hathruithe sin, maidir le buaichphointí a shaoil mar iriseoir agus faoin aitheantas a tugadh dó ag an Oireachtas. Bhí sé an-sásta an gradam seo a fháil, dar ndóigh.

‘Bheul is dócha gurbh fhearr le chuile dhuine againn tap beag sa droim ná cic sa tóin’, a mhínigh Mártan, ‘agus gurbh fhearr leis an duine go ndéanfaí iad a mholadh seachas a cháineadh! Is deas an rud é, is dóigh liom. Tugann sé ardú meanmain do dhuine, go bhfaigheann siad a leithéid seo de rud nó go luaitear a n-ainm nó go dtuigeann sé go bhfuil a ainm i mbéal an phobail.

‘Ag an tráth seo de mo shaol agus théis an méid blianta atá caite agam i mbun na hiriseoireachta tá mé sásta, go háirid mar gheall ar an gceangal agus ar an ngrá agus an méid de mo shaol atá caite agam le cúrsaí Gaeilge agus le Gaelachas agus i measc phobal na Gaeltachta – mo phobal féin, dháiríre. Is údar ríméid dom an meid sin.’

Thosaigh Mártan amach le Raidió na Gaeltachta thiar sa bhlian 1978 agus chríochnaigh sé suas leo sa bhliain 2009. Is iomaí buaicphointe a bhí aige agus é ag plé leis na cluichí Gaelacha. Labhair sé linn faoi na hathruithe is mó a chonaic sé le linn an ama sin.

‘Bheul, is dócha gur bhain an buaicphointe leis an rud ar fad, mar a déarfá, seachas, b’fhéidir, aon rud amháin’, a mhíníonn Mártan. ‘Is iomáí rud aonarach a sheasann amach i mo chuimhne, ach sílim dá n-iarrfaí orm céard é an rud is mó a thug sásamh dhom le linn an tréimhse sin ar fad, ba é sin ná deis a fháil na hócáidí móra spóirt, agus go háirid ócáidí móra spóirt i gCumann Lúthchleas Gael, a chur i láthair i measc mo mhuintire féin.

‘Níl me ag caint ar mo ghlór féin a bheith le cloisteáil, ach a bheith mar pháirt de mheitheal oibre. Bhí páirt agam san obair a shníomh le chéile, más mian leat, a thug deis dho mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge éisteacht leis na hócáidí móra spóirt sa teanga ba rogha leo féin agus i dteanga na tíre.

‘Bhí an t-ádh linn, dháiríre, mar nuair a chuimhníonn tú bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972. Tháinig mise isteach ann i 1978 ach nuair a tháinig 1979 ní raibh de staisiúin raidió sa tír ach RTÉ agus Raidió na Gaeltachta ar an taobh seo den tír. Bhí BBC ó thuaidh.

‘Fiú nuair a tháinig 2FM i 1979, ní raibh aon díriú acabsan ar spórt agus bhí deich mbliana eile ann sula dtáinig raidió tráchtála agus raidió áitiúil isteach. Dháiríre, ar feadh seacht mbliana déag den saol bhí an gort ar fad faoi Raidió na Gaeltachta agus faoi RTÉ. Dhírigh RTÉ an uair sin go hiomlán ar na cluichí idirchontae. Dhírigh muidne ar na cluichí idirchontae Gaeltachta.’

Leanann Mártan air agus labhraíonn sé faoin mbealach a mbíodh sé féin agus lucht Raidió na Gaeltachta ag taisteal na tíre ag clúdach na gcluichí.

‘Thug sé sin muid chuig an gcuid eile den tír,’ a deir sé, ‘mar bhí siad sin ag imirt in aghaidh na gcontaetha nach contaetha Gaeltachta iad. Chomh maith leis sin, thug sé iomaire nua ar fad dhúinn le troghadh leis na cluichí club, go háirid sna conteatha Gaeltachta, fiú amháin síos go dtí na cluichí sóisir.

‘B’iontach an rud é sin agus b’iontach an phribhléid é clúdach ar na cluichí sin a thabhairt d’áiteachaí cosúil le hOileáin Árann, Ros Muc, Ráth Chairn na Mí, áiteachaí nach bhfuair an deis sin cheana. B’iontach go deo an sásamh a thug sé sin, ní hamháin dhomsa, ach d’fhoireann Raidió na Gaeltachta ina iomláine agus go háirid an fhoireann spóirt ansin.’

‘Is cuimhin liom go ndearna muid tráchtaireacht ar sé cinn de chluichí ceannais club in aon lá amháin as na conteatha éagsúla – contae na Mí, Gaillimh, Ciarraí, Dún na nGall agus contae Mhaigh Eo sílim agus, b’fhéidir, go raibh Rinn Ó gCuanach istigh san áit chomh maith le Corcaigh. Chraol muid sé cinn in aon lá amháin!

‘Ba éacht a bhí ansin ach níorbh é an t-éacht craolta an rud ba thábhachtaí ach go raibh an deis seo anois ann sin a dhéanamh agus go raibh an áit seo ag lucht éisteachta na Gaeilge agus na Gaeltachta na cluichí sin a chloisteáil.’

Mártan Ó Ciardha tar éis dó Gradam Saoil Chumann Iriseoirí na gCluichí Gaelacha a bhuachan thiar sa bhliain 2017
Mártan Ó Ciardha tar éis dó Gradam Saoil Chumann Iriseoirí na gCluichí Gaelacha a bhuachan thiar sa bhliain 2017

Is mar iriseoir scríofa atá Mártan ag saothrú faoi láthair le tuairisc.ie. D’iarr mé air a mhíniú dúinn céard iad na difríochtaí is mó a fheiceann sé idir a bheith i mbun pinn mar iriseoir agus a bheith ar aer.

‘Ar bhealach tá difríochtaí móra idir a bheith ag obair i saol an raidió agus a bheith ag obair mar scríbhneoir’, a deir Mártan. ‘Sa raidió, nuair a dhúnann tú an doras i do dhiaidh tráthnóna, nó go háirid tráthnóna Dé Domhnaigh, tá obair na seachtaine déanta agat. Is seachtain nua eile ar fad atá amach romhat. Tá na cluichí críochnaithe.

‘Leis na scríbhneoireacht, tá beagán níos mó ama agat le bheith beagáinín níos santaí agus na rudaí is ansa leat féin a chur i láthair an phobail seachas a bheith ag freastal go hiomlán ar na rudaí a bhfuil suim ag an bpobal iontu. Is scéalaíocht atá ann chomh maith le hábhar nuachta.

‘Sílim, agus is cinnte, go bhfuil saol an iriseora nuachta, bíodh sin in iriseoireacht spóirt nó in iriseoireacht nuachta, polaitíochta nó aon chineál nuachta eile, tá sé athraithe go mór. Ní féidir leat anois a bheith chun cinn ar an nuacht mar tá na meáin nua seo ar fad a ghabháil a bheith romhat – is cuma céard atá ann. Dhairíre, ní feidir a bheith chomh te leis an nuacht agus a bhíodh tráth den saol.

‘Tugann sé sin, is dócha, deis dhomsa ach go háirid cuimhniú ar rudaí eile agus, mar atá a fhios agat féin, is maith le chuile dhuine i gcónaí scéalta. Scéalaíocht dháiríre, ar bhealaí go leor, í an iriseoireacht agus go háirid an iriseoireacht scríofa.

‘Tá seans mór agat, agus seans i bhfad níos leithne, a ghabháil ag plé le do thuairimí féin – le rudaí a tharla céad bliain ó shin nó leathchéad bliain ó shin a bhfuil dearmad déanta ag an lucht féachana nó a lucht léite orthu. Déarfaidís, a dhiabhail is fíor dhuit, leathchéad bliain ‘is an lá inniu úsáideadh an pheil phlaisteach nó cuireadh ábhar plaisteach ar an bpeil don chéad lá riamh. Cuireann a leithéid iad ag smaoineamh ar rudaí atá ina gcloigne féin.’

Tá fás mór tagtha ar an gclúdach Gaeilge a dhéantar ar na cluichí Gaelacha le blianta beaga anuas. Tá go leor deiseanna ann nach raibh ann cheana de bharr fhás agus fhorbairt na Gaelscoileanna chomh maith le forbairtí nua i gcúrsaí teicneolaíochta i measc cúinsí eile.

‘Ar ndóigh, ceapaim go bhfuil rath mór ar an iriseoireacht i ndán dhúinn is cuma cén teanga a labhrann tú’, a deir Mártan. ‘Mar a dúirt mé le duine éicint le gairid, nuair a chuimhním siar ar cé chomh deacair ‘is a bhí sé seirbhís raidió a chur ar fáil. Tá mé ag caint ar chúrsaí teicniúla ‘is mar sin de, atá athraithe go mór ó thosaigh mise dhá scór bliain ó shin. Inniubh, leis an teileafón póca, tá stáisiún raidió ag chuile dhuine ina láimh acu.’

‘Is iriseoireacht éagsúl í (na meáin shóisialta) agus is iriseoireacht í atá i bhfad níos tobainne. Tá sí i do láthair sula dtarlaíonn an eachtra féin.

‘Rud atá le tabhairt faoi deara ó thaobh na hiriseoireachta de agus sa saol trí chéile ná chomh mór is atá Gaelscoileannaí agus an t-oideachas trí Ghaeilge ag cuidiú le chuile ghné den iriseoireacht.

‘Bíodh is gur san iriseoireacht spóirt í, san iriseoireacht reatha, iriseoireacht polaitíochta nó san iriseoireacht gnó, tá daoine a bhfuil Gaeilge líofa anois acub atá le fáil do chuile aicme sa saol - ó chúrsaí spóirt go cúrsaí airgeadais. Cuirfidh sé sin le hiriseoireacht na Gaeilge agus le meáin chumarsáide na Gaeilge.’

Is iomaí eachtra atá feicthe ag Mártan ó Ionad na Meán Cumarsáide i bPáirc an Chrócaigh thar na blianta. Ceann na heachtraí is mó a sheas amach dó le linn na mblianta sin ná an óráid chlúiteach a thug Lester Ryan ó Ardán Uí Ógáin tar éis do Chill Chainnigh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bhuachan sa bhliain 2014.

‘Luaigh tú liom céard iad na rudaí is mó a fhanfas i mo chuimhne agus, dar ndóigh, fanann go leor acu ann mar shampla scórannaí i gcluichí ceannais na hÉireann agus na hóráidí inar labhair na captaein i nGaeilge.

‘Tá mé ag caint ar Lester Ryan, fear a bhí ar bheagán Gaeilge ach a thug an óráid ar fad i nGaeilge nuair a ghlac sé le Corn Liam Mhic Cárthaigh ansin cúpla bliain ó shin. Tá rud éicint an-speisialta agus an-suimiúil ag baint leis an scéal sin.

‘Is cinnte go n-aontódh duine ar bith leat go bhfuil sé sin sáite sa mianach atá ionainne, ionainne Gaeilgeoirí, ionainne Gaeil, ionainne ón mbaile agus ón gcultúr as ar sníomhadh muid agus ón gcúlra as ar sníomhadh muid.

‘Cheap mé gur rud an-suimiúil agus rud, dháiríre, nár cheart dearmad a dhéanamh air – rud ar cheart a thabhairt chun cinn anois agus arís mar gheall, gur dóigh liom, go raibh baint i bhfad níos doimhne ná na focail a tháinig as béil Lester Ryan an lá sin leis.’

Ní hé seo an chéad ghradam a bronnadh ar Mhártan mar aitheantas ar a shaothar iriseoireachta, dar ndóigh. Sa bhliain 2008 bronnadh gradam saoil de chuid Ghradaim Mhic Con Mídhe, CLG, air agus bronnadh gradam saoil de chuid an Gaelic Writers Association air sa bhliain 2017.